Quote image editor
“Beatha - do Mháire Mhic Amhlaoibh, An Fál Mór, Co. Mhaigh Eo. - Níor airigh tú caint ar an slabhcán? - arsa Mary Nell le hiontas, an slabhcán a bhailíodh sí ina gearrchaile di ar charraigreacha an Fháil Mhóir, a thugadh sí abhaile is a ghearradh go mion, é a bhruith ainsin le deoirín uisce. Nuair a d'fhuaraíodh sé dhéanadh sí leac - an blas a bhíodh air leis an ngráinne salainn! Níor bhlais Mary Nell an slabhcán le dhá scór bliain: - Ní bhadrálann éinne thart anseo a thuilleadh leis, Róleitheadhach atá siad. Ach an stuif sin a bhíonns ag fear an tsiopa I bpotaí beaga a thigeann sé, dath pinc air - 'Yoghurt?' - Yoghurt. Yoghurt! M'anam go liveálfainn ar an stuif sin. M'anam go liveálfainn air. -” — Tadhg Mac Dhonnagáin
Beatha
- do Mháire Mhic Amhlaoibh,
An Fál Mór, Co. Mhaigh Eo.
- Níor airigh tú caint ar an slabhcán? -
arsa Mary Nell le hiontas,
an slabhcán a bhailíodh sí ina gearrchaile di
ar charraigreacha an Fháil Mhóir,
a thugadh sí abhaile
is a ghearradh go mion, é a bhruith ainsin le deoirín uisce.
Nuair a d'fhuaraíodh sé dhéanadh sí leac -
an blas a bhíodh air leis an ngráinne salainn!
Níor bhlais Mary Nell an slabhcán le dhá scór bliain:
- Ní bhadrálann éinne thart anseo a thuilleadh leis,
Róleitheadhach atá siad.
Ach an stuif sin a bhíonns ag fear an tsiopa
I bpotaí beaga a thigeann sé, dath pinc air -
'Yoghurt?'
- Yoghurt. Yoghurt!
M'anam go liveálfainn ar an stuif sin.
M'anam go liveálfainn air. -