Quotessence
Home / Books / INNTI: Uimhir a ceathair déag

INNTI: Uimhir a ceathair déag

Book by Deirdre Brennan · 2 quotes · éIre, Fílíocht, Gaeilge

Filter quotes by topic

INNTI: Uimhir a ceathair déag Quotes

“Mo Sheanmháthair Ar ais arís lá breá Lúnasa Canach geosadáin ar foluain Ar chuile leoithne ghaoithe Do theach ina sceatraigh Na cróite ina snaois, Airím arís ceol na mblianta dearmadta, Drumadóireacht an bhanna práis Ag máirseáil síos an bóthar, Tusa led' sciortaí ardaithe Ag damhsa ar an screabán Do sheachtar óg Náire shaolta fút Ina bhfál ceilte os do chomhair Le nach bhfeicfeadh na comharsain Meidhréis do dhamhsa.”

“Beatha - do Mháire Mhic Amhlaoibh, An Fál Mór, Co. Mhaigh Eo. - Níor airigh tú caint ar an slabhcán? - arsa Mary Nell le hiontas, an slabhcán a bhailíodh sí ina gearrchaile di ar charraigreacha an Fháil Mhóir, a thugadh sí abhaile is a ghearradh go mion, é a bhruith ainsin le deoirín uisce. Nuair a d'fhuaraíodh sé dhéanadh sí leac - an blas a bhíodh air leis an ngráinne salainn! Níor bhlais Mary Nell an slabhcán le dhá scór bliain: - Ní bhadrálann éinne thart anseo a thuilleadh leis, Róleitheadhach atá siad. Ach an stuif sin a bhíonns ag fear an tsiopa I bpotaí beaga a thigeann sé, dath pinc air - 'Yoghurt?' - Yoghurt. Yoghurt! M'anam go liveálfainn ar an stuif sin. M'anam go liveálfainn air. -”